Scéal grinn fá iascairí na nDúnaibh. Lucht na hAlban ag iascaireacht uair amháin – fear as an áit a bhí ina chuideachta leo - fear eolach a bhí ann. B’fhéidir nach raibh mórán Béarla ag muintir na háite san am sin agus nuair a d’iarr scipéir an bháid ar dhuine áitiúil “go up and take down a couple of them buoys to me”, chuaigh an fear suas le cúpla (b’fhéidir ceathrar) gasúr a thabhairt anuas go dtí an ché. Bhí a fhios ag na boic óga an rud a bhí ann – bhí siadsan ag gáire fá dtaobh de. | 00:01:37 | |